Sa bhaile don Nollaig 8 Nollaig, 2006
Posted by Richard Archibald in ag taisteal, ó lá go lá.trackback
Chuir mé tús chun “A Tale of Two Cities” a léamh inniu (i mBéarla ar an drochuair ach rinne mé iarracht léamh “Na Rosa go Brách” i nGaeilge agus níl mo chuid Gaeilge réidh go fóill). Nuair a bhí mé óg, chaith mé é díom i ndiadh an chéad leathanach agus tá mé ar leathanach 32 anois. Tá súil agam go mbeidh mé ábalta á choinneáil.
Tá mé ar ais i dTuisceart Éireann inniu. Beidh mé ag baint triall a bheith ag obair agus ag siúl agus ag déanamh spraoi go dtí an 4ú Eanair. Má tá mé amach ar camchuirt ar fud na tíre, cuirfidh mé griangrafanaí ar an suíomh seo.
Léigh mise “A Tale of Two Cities” annuraidh. An-leabhar. Níl aithne agam ar an leabhar Gaeilge sin. Cé a scríobh?
DAS – Sa bhaile don Nollaig
Bhí “Na Rosa go Brách” scríofa ag Fionn Mac Cumhaill (nó Mánus Mac Cumhaill, ‘Fionn’ is ainm peann dó). Go raibh maith agat as an ceartúchan 🙂 Aistreoidh mé an teideal i gceann bomaite.
Ar léigh tú An Béal Bocht riamh? Och, na Rosa!
Níor léigh. Cad é atá ar siúl sa leabhar sin?