Is as Ciarraí mé … ó! 3 Deireadh Fómhair, 2006
Posted by Richard Archibald in ó lá go lá, deireadh seachtaine.trackback
Bhí mé i dteach tabhairne oíche Aoine seo chuaigh thart ag ól do bhreithlá mo chara Ceanadach. Bhí muid ar meisce nuair a tháinig fear éigin trasna an phub chugam. “Cá as tú?” arsa sé (i mBéarla). Shíl muid gur Albanach é agus shíl mise go mbeadh sé iontach greannmhar a bheith ag caint leis i nGaeilge… Bhuel, bhí mé ag gáire agus ag labhairt i nGaeilge le mo chara árasán agus mé ag iafraigh don fear “Cá as tú, mate?” arís is arís, agus ansin duirt an fear, “as Ciarraí, agus tú féin?” Náire!
Freagraí»
No comments yet — be the first.