jump to navigation

Nollaig i mí Dheireadh Fómhair? 9 Deireadh Fómhair, 2006

Posted by Richard Archibald in ó lá go lá, crá croí, deireadh seachtaine.
3 comments

Tá Nollaig ag éiri níos luath luaithe agus níos luath luaithe achan bliain. Bhí mé ag siopadóireacht Dé Sáthairn agus nuair a bhí mé i Seán Lewis (John Lewis i mBéarla) chonaic mé 4 crann Nollag agus achan rud eile. Mí Dheireadh Fómhair atá ann! Ní raibh Oíche Shamhna ann go fóill! Bhí mise ag caitheamh bríste gairid go dtí an seachtain seo caite! Cha chreidim daoine anois is arís.

Is as Ciarraí mé … ó! 3 Deireadh Fómhair, 2006

Posted by Richard Archibald in ó lá go lá, deireadh seachtaine.
add a comment

Bhí mé i dteach tabhairne oíche Aoine seo chuaigh thart ag ól do bhreithlá mo chara Ceanadach. Bhí muid ar meisce nuair a tháinig fear éigin trasna an phub chugam. “Cá as tú?” arsa sé (i mBéarla). Shíl muid gur Albanach é agus shíl mise go mbeadh sé iontach greannmhar a bheith ag caint leis i nGaeilge… Bhuel, bhí mé ag gáire agus ag labhairt i nGaeilge le mo chara árasán agus mé ag iafraigh don fear “Cá as tú, mate?” arís is arís, agus ansin duirt an fear, “as Ciarraí, agus tú féin?” Náire!