jump to navigation

Faisisteachas teanga 5 Deireadh an tSamhraidh, 2006

Posted by Richard Archibald in Ag foghlaim na Gaeilge, crá croí, smaointe.
trackback

Tá Béarla in achan áit. Tá go leor daoine ábalta é a labhairt. Mar sin féin, is fuath liom faisisteachas teanga; daoine ag tabhairt masla do teangacha eile go háirithe teangacha neamhfhorleathana anseo sna hOileáin Bhriontanacha. Bhí cúpla comhrá agam le déanaí a chur an bharúil seo i mo cheann.

Bhí mé ag comhdháil réalteolaíocht anseo i nDún Éideann agus i ndiadh na cainteanna, chuaigh cúpla againn go dtí an teach tabhairne chun amharc ar cluiche peile. Ag leath ama, bhí muid i gcomhrá le cúpla sassanaigh as ollscoil eile. Bhí Gàidhlig i gceist agus mar is gnách, bhí siad ag cur slagáil isteach ar an teanga. Dúirt duine amháin “bhuel, cad chuige nach bhfuil focail ar rudaí úr?” Is fuath liom an cheist sin; tá Béarla i gcónaí ag súigháil focail ó teangacha eile. D’fhiafraigh siad domh ansin, “cén Gàidhlig atá ar ‘millisecond pulsar’ mar sin?” Ní raibh mé ábalta freagra a chur air ar ndóigh ach dúirt mise gur cheart dóibh chur na ceisteanna seo ar na cainteoirí dúchais. Ní raibh fear amháin sásta le seo. “Ach cad é má tá tú ag fhiafraigh fá ‘Gamma-ray bursts’ agus fuair tú piosa Ghàidhlig ach cloiseann tú níos moille nár chuala an duine sin thú. ‘Gamma-ray burst?! Ó, shíl mé go ndúirt tú Gammy gay firsts‘ “. Sin giota beag neamhdhóchúil, ach caithfidh mé rá go raibh sé grainnmhar.

An dara rud ansin a chuir an fearg orm. Bhí alt sa Guardian fá dtaobh den clár téilifíse – Déarthar Mór. Bhí beirt ó Bhreatain Bheag ann agus iad ag caint an Breatnais. Thug Déarthar Mór leadhbairt den teanga dóibh. Dúirt sé go raibh siad ag caint i gcód rúnda! Cad é masla!

Agus ag an deireadh: bhí mé ag teach carad aréir agus bhí cúpla Albanaigh ann. Bhí siad ag déanamh ceap magaidh den Ghàidhlig agus daoine ag rá abairt mar “Tá mé ag imirt ar an COMPUTER” nó “Cuir na SAUSAGES sa FRIDGE”. “Cad é atá an fadhb le sin?” arsa mise, tá muidne ag déanamh an rud cheanna i mBéarla. “Ceart go leor mar sin, cad é an Gàidhlig ar iPod?” (an argóint sin arís!). M’fhreagra féin: “Cad é an BÉARLA ar iPod?” mar níl sé ach trádmharc.

Á, braithim níos fearr anois! Ach an aontaíonn tú liom go bhfuil go leor Béarloirí ag cur masla ar achan teanga eile agus iad ag úsáid focail atá cosúil le Béarla ach ní stró ar bith é dóibh nuair a deir siad “We’ll rendezvous later”? Caighdéan dúbailte, nach ea?

Freagraí»

1. aonghus - 6 Deireadh an tSamhraidh, 2006

Ní hea, ach easpa tuisceana lucht an aontéanga ar ilteangachas.

Fuair mé seo díreach anois:
“Un homme qui parle trois langues est trilingue. Un homme qui parle deux langues est bilingue. Un homme qui ne parle qu’une langue est anglais.
— Claude Gagnière ”
http://www-users.cs.york.ac.uk/susan/cyc/e/english.htm

2. Gary - 6 Deireadh an tSamhraidh, 2006

Céard é an bhrí leis sin a Aonghus? (i nGaeilge ar ndóigh)

3. aonghus - 6 Deireadh an tSamhraidh, 2006

Tá fear a labhraíonn trí theanga trítheangach
Tá fear a labhraíonn dhá theanga dhátheangach
Is Sasanach fear nach labhraíonn ach teanga amháin!

4. Eoghan Murray - 4 Deireadh an tSamhraidh, 2007

An saol duit!
Fuair mé ar do bhlog mar bhí mé ar lorg an focal ‘achan’. Níl mé abalta iomlán a thuiscuint, ach is uaimhneach é a léir.
An bhfuil do gaeilge as Tír Chonaill?

5. Richard Archibald - 9 Deireadh an tSamhraidh, 2007

Is as contae Aontroma mé féin, ach foghlaim mé an canúint Thír Chonaill (mar achan duine eile i dTuaisceart Éireann).

Go raibh maith agat as do teachtaireacht!

6. Murchadh Mór - 6 Nollaig, 2007

Ní focal de chuid an Bhéarla “millisecond pulsar” milli ón laidin trín bhFraincis, second ón bhFraincis arís agus is dócha go bhfuil bunús Laidineach ag pulsar chomh maith. D’fhéadfaí Gaeilge a chuir air mar “pulsar mhillesoicind” agus bheadh sé chomh “dúchasach” céanna le téarma an Bhéarla. Mar a tharlaíonn úsáidtear téarmaíocht chosúil nach mór an t-am ar fad chun cuir síos ar rúdaí úra, ach go ndéantar rian den teanga a thógann iad a chuir leo. Mar theanga tá an Béarla i bhfad éireann níos “truaillithe” ag an bhFraincis más maith leat ná mar atá Gaidhlic ag an mBéarla.

7. diddle daddle - 26 Márta, 2008

thosaigh me ag foghaim gaeilge an deire seachtaine den cead uair agus ta me beagnach liofa anois.
Cad faoi sin, an gcreideann tu e sin?


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: