jump to navigation

Cad é fá dtaobh den Bhéarla? 7 Meán an tSamhraidh, 2006

Posted by Richard Archibald in Ag foghlaim na Gaeilge.
trackback

Má amharcann tú ar mo "bhlagrolla", tchífidh tú go leor daoine i Scoil na Matamaitice anseo i nDún Éideann. Tá daoine as Ceanada, Sasana agus go leor áiteanna eile ann (má leanann tú na nascanna). Bhí cúpla duine ag iarraidh orm aistriúchán i mBéarla a chur ar an suíomh. Bhuel, tá mé idir dhá chomhairle: Thosaigh mé an blag seo chun Gaeilge a fhoghlaim, ach ní fadhb é má bhím ag scríobh i mBéarla chomh maith. B'fhéidir cuirfidh mé an Béarla i gcló beag ar achan bhlagmhír, nó ar aon dath leis an chúlra.

Fanfaidh mé go bhfeice mé cad é shílfeas cúpla duine…

Freagraí»

1. Panu - 7 Meán an tSamhraidh, 2006

Is leasc liom a bheith ag fáil lochta ar do chuid Gaeilge, a Fhoghlaimeoir, ach ós rud é gur iarr tú ar na léitheoirí cuidiú leat, seo an méid atá le rá agam féin:

“Má amharcann tú ar mo “bhlagroll”, tchífidh tú…”

Tá an méid seo ceart go leor ar fad, ach amháin gurbh fhearr liom “mo bhlagrolla”, ansin bheadh an focal sin Gaelaithe go hiomlán.

“sa Scoil Matamaitice”: tá an ceann seo ceart ó thaobh na foirmiúlachta de, ach bheadh blas níos fearr ar “Scoil na Matamaitice”. “An Scoil Matamaitice”; sin meamraiméis (officialese). “Scoil na Matamaitice”, sin caint líofa.

“má lean tú na nascanna”: Cé acu “if you follow” nó “if you followed” atá i gceist agat? “Má leanann” leis an chéad cheann a aistriú. “Má lean” leis an dara cean a aistriú.

“Bhí cúpla daoine agam”: Ní féidir leat an ceann sin a úsáid. Bhí cúpla duine (mar sin! – ní dheirtear “cúpla focail”, ach an oiread, ach “cúpla focal”) ag áitiú/ag iarraidh/ag impí orm…

“cur aistriúchán i mBéarla ar an suíomh”: Ní hea, ach “aistriúchán a chur ar an suíomh”.

“idir dhá chomairle”: “Idir dhá chomhairle”, ar ndóigh.

“Thosaigh mé an bhlag seo”: Déarfainn gur focal firinscneach é “blag”. Thosaigh mé an blag seo, mar sin.

“Gaeilge a fhoghlaim”: “Le Gaeilge a fhoghlaim” nó “chun Gaeilge a fhoghlaim”. (Nó an é gur thosaigh tú an blag le do chuid Gaeilge a chleachtadh, leis an meirg a chroitheadh de do chuid Gaeilge, le do chuid Gaeilge a chur in úsáid…?)

“má scríobh mé”: “if I wrote” (if I wrote in the days of yore, that is). Más é “if I write” atá i gceist agat, caithfidh tú “má scríobhaim”, “má scríobhann mé”, “má bhím ag scríobh”, “má bhíonn mé ag scríobh” a rá.

“achan phost”: b’fhearr liom “achan iontráil” nó “achan mhír”. “Blagmhír” an gnáth-théarma ar na saoltaí seo dar liom.

“san dáth céanna ná an cúlrach”:

1) “Sa” roimh chonsan.
2) Níl síneadh fada san fhocal “dath”.
3) “Agus” = “as”, “ná” = “than”. Mar sin, “agus” agus ní “ná” ba chóir a bheith anseo.
4) Níl “ch” san fhocal “cúlra”
5) B’fhearr an t-iomlán a scríobh mar “ar aon dath leis an gcúlra” (nó “…leis an chúlra”, de réir ghramadach Chúige Uladh.)

“fánfaidh”: níl aon síneadh fada ann. “Fanfaidh” mar sin.
“go bhféicim”: níl aon síneadh fada ansin. Thairis sin, caithfidh tú an “subjunctive present” nó an “future tense” a úsáid anseo (“go” ar lorg an “tense” céanna): fanfaidh mé go bhfeice/go bhfeicfidh mé… (Nó “go bhfeicead/go bhfeicfead”, ach tá an ceann sin ró-Mhuimhneach agat is dócha)
“cad é a shíleann”: arís, is fearr an aimsir fháistineach, an “future tense”: cad é a shílfidh (nó “cad é a shílfeas”, sa chanúint). Agus cúpla DUINE arís, seachas daoine.

2. foghlaimeoir - 7 Meán an tSamhraidh, 2006

Go raibh míle maith agat as do barúlacha a Phanu! Iontach cuidiúl; cuirfidh mé do cheartuithe ar an mhír níos moille. Ní raibh a fhios agam go raibh tú ag léamh mo bhlag.

Richard A. / foghlaimeoir

3. Panu - 7 Meán an tSamhraidh, 2006

Ó, a Risteaird, an tusa a bhí ann? Bhuel (“bhail” in Ultaibh), tháinig mé ar do bhlag ar Irishblogs.ie.

Dála an scéil: an bhfuil rún agat blas fíor-Ultach a chur ar an nGaeilge (“ar an Ghaeilge” in Ultaibh) anseo? Feicim (tchím) saintréithe (saintréithre) Ultacha áirithe (áithrid) agat, cosúil le “achan”. “Gach aon” a litrítear de réir an Chaighdeáin.

4. foghlaimeoir - 7 Meán an tSamhraidh, 2006

Sin é, déanaim iarracht focail Uladh a úsáid mar is as Aontroma thuaidh mé. Tá mé cinnte go mbíonn mé ag meascadh an canúint agus an caighdeán, ach is cuma; is fearr Gaeilge briste ná Béarla cliste, nach ea?


Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s

Molann %d blagálaí é seo: