Carr ar cíos 9 Bealtaine, 2006
Posted by Richard Archibald in ag taisteal, deireadh seachtaine.trackback
Fuair muid (mise agus mo chailín) carr ar cíos ar feadh Dé hAoine agus Dé Sathairn. Chuaigh muid ag siúl suas cnoc in aice le Loch Lomond ar an Aoine agus chaith muidne agus cúpla cairde an chéad lá eile ag baint sult as an aimsir deas ar an trá. Bhí BBQ againn i nGullane (thart fán chósta ó Dhún Éideann) agus d’imríonn mise agus cara giota beag péil Ghaelach. Níl mise ró-mhaith leis an péil (Is protastúnach mé, an cuimhin leat?) ach, tá mo chara i bhfad níos fearr ná mise.
Bhí sé go hiontach a dhul amach ón chathair ar feadh cúpla uair, agus fuair mé beagán dó gréine ar Dé hAoine. Tá an tsamhradh ag teacht! 😀
Cuirfidh mé cúpla pictiúr anseo amarách…
Chuamar go Dún Éideann timpeall cúig bliana ó shoin agus bhí am ar dóigh againn ann. An t-aon rud a chur as dúinn ná nach rabhamar in ann an duine is óige den teaghlach a thabhairt isteach i dteach tabhairne le linn am dinnéir chun béile a ithe.
Bhí scéalta iontacha le chloisint ar an mbus faoi daoine a ghoid na coirp ón reilig sna laethanta a bhí. Thaitnigh an dealbh beag den mhadra “bobby” liom, an madra nár thréig uaigh a mháistir. Bhí scéalta greannmhar freisin ag an treoraí le linn turas sa chaisleán ansin. Tá go leor le déanamh ann. Ba mhaith liom dul ar ais arís. Is méanar duit a bheith ann faoi láthair. Is iontach an craic iad na daoine ansin.